|
Cartlann
: Eagrán 10 : Leathanach 2
Saoirse,
Státaíocht nó
"None of the Above":
Stadas Polaitiúil Phórto Ríco
le
Brian Ó Dubhghaill
Tá
sé luaite ag Eóin Mac Con Uladh (san alt thuas)
gur "mhol Teach na nIonadaithe bille a dhéanfadh
den Bhéarla an t-aon teanga oifigiúil"
i bPórto Ríco má éiríonn
sí ina stát. Tugtar an "United States-Puerto
Rico Political Status Act" (H.R. 856) ar an mbille seo.
De
réir H.R. 856, a leag amach plean le haghaidh shocrú
stadais polaitiúil Phórto Ríco, bhí
pobalbhreith i bPórto Ríco i Mí na Nollag,
1998, le fáil amach cad é mian na ndaoine ina
leith seo. Bhí cúig rogha ann: 1) Státaíocht,
2) Neamhspleáchas, 3) Comhlathas, 4) Comhcheangal Saor
(.i. "free association"), nó 5) Rogha ar
bith. Agus cad a tharla ach go roghnaigh morchuid mhuintir
Pórto Ríco (50.2%) "rogha ar bith!"
Rug rogha na státaíochta an dara áit
(46.5%).
Thug
eagarfhocal an Washington Post "flop" ar
na torthaí agus dúirt an New York Times,
"the only clear message from the recent plebiscite in
Puerto Rico is that the question of the island's political
future remains deeply divisive."
Cén
fáth a bhfuil na cúrsaí seo trína
chéile? Tá daoine ann a déarfadh go raibh
lámh ag an gcampa úd atá ar thaobh an
Chomhlathais. I bpobalbhreith eile i 1993, roghnaigh 48.6%
de na daoine a vótáil an chomhlathas, ach bhí
an míniúchán a tugadh ar a rogha sin
mídhleathach de réir na gcúirtí
Meiriceánacha. (Sa bpobalbhreith is déanaí,
bhí míniúchán eile ann nach dtabharfadh
gealltanas saoránachta síoraí dosna Pórto
Rícígh.)
Tá
daoine eile ann a déarfadh go dteastaíonn "free
ride" ó Phórto Rícigh áirithe.
I láthair na huaire, ní gá do Phórto
Rícigh cáineacha Fedéarálacha
a íoc, rud a athródh dá n-éireodh
Pórto Ríco ina stát.
Agus
tá daoine a déarfadh go bhfuil faitíos
ar muintir Phórto Ríco go gcaillfidh siad a
gcultúr agus a dteanga má éirigh sé
le campa na státaíochta. Tá Eduardo Arocho
ina stiúrthóir ag an Puerto Rican Cultural Center
i Siceago, eagraíocht atá an-dhíograiseach
ar son an neamhspleáchais agus ar son chás na
bpriosúnaithe polaitiúla Pórto Ríceacha.
Dar leis, "statehood would mean the loss of Puerto Rico's
language and culture." Thairis sin, creideann Arocho
go bhfuil H.R. 856 é féin mídhleathach,
de réir an dlí idirnáisiúnta.
Tá
próiseas áirithe leagtha amach ag an UN i gcóir
díchóilínithe, arsa Arocho liom, a deir
gur gá do thír mar na Stáit Aontaithe
a cuid airm a tharraingt amach, smacht rialtais a thabhairt
do chorp neodrach (an UN), priosúnaithe polaitiúla
a scaoileadh, srl. Ina dhiadh sin, bheadh ceart ag gach náisiúnach
votáil i bpobalbhreith, bíodh cónaí
air áit ar bith, rud nach raibh fíor dosna 3
milliún Pórto Ríceach a raibh cónaí
orthu sna Stáit le linn na pobalbreithe is deireannaí.
Cosúil
leis a lán ábhar eile, tá idir imní
eacnamaíoch agus ceisteanna idéalachais ann.
Ach, má éiríonn Pórto Ríco
ina stát, beidh grúpaí mar Láthair
Cultúrtha na bPórto Ríceach i Siceago,
atá ag obair ar son an neamhspleáchais, mídhleathach
ar fad, de réir an dlí in aghaidh na ceannairce.
An
méid sin ráite, is ceisteanna inphléite
iad seo anois. Nuair a chuaigh H.R. 856 go dtí an Seanad,
áit ar tugadh S. 472 air, dhiúltaigh an slua
faoi smacht na bPoblachtach ceist stadais polaitiúil
Phórto Ríco a chur chun cinn.

Graffítí
Pórto Ríceach náisiúnaíoch
ar taobh thiar Siceago.
| <<
lch 1 / pg 1 |
lch
3 / pg 3 >> |
|