| |
Cartlann
: Eagrán 10 : Leathanach 4
 |
|
L
É I R M H E A S :
Fios Feasa
Irish
Interactive
Media
le
Scott Oser
|
[English translation]
Comhlacht
beag i nGaeltacht Chorca Dhuibhne is ea Fios Feasa, atá
i mbun CD-ROMs as Gaeilge a dhéanamh ó 1998
anuas. Dhá theideal atá curtha amach go dtí
seo: An Bíobla Naofa ar CD-ROM, atá ar
fáil do Windows 95 agus 98, Windows 3.1, agus Macintosh;
agus CD Seanfhocal, go bhfuil breis is cúig
chéad seanfhocail ann, agus atá ar fáil
i leaganacha Windows 95/98 agus Macintosh.
Clár snasta taitneamhach is ea CD Seanfhocal,
a bhaineann tairbhe mhór as acmhainní ildánacha
an ríomhaire. Féadtar downloading a dhéanamh
ar leagan samplach den chlár (Windows 95/98 amháin),
gurb ionann é agus an CD iomlán a bheag nó
a mhór ach amháin i líon na seanfhocal
atá ann, ó Chlár Cinn Fhios Feasa (www.fiosfeasa.com).
Roinntear na seanfhocail ar 72 ábhar difriúla.
Tá míniúcháin do gach seanfhocal
ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla, mar
aon le nótaí gramadaí agus, an-tábhachtach
ar fad, taifead den tseanfhocal á rá ag cainteoir
dúchais ó Chorca Dhuibhne. Ceann de na tréithe
is fearr ag an gclár ná gur féidir rogha
a dhéanamh idir míniúcháin i mBéarla
nó i nGaeilge, de réir do thola agus do chumas
sa dá theanga. Tá áis iomlán cuardaigh
(dátheangach arís) agus réamhrá
ann, leis. IR£25 praghas an CD seo, móide IR£3 de chostais
phoist chun Meiriceá, agus is fiú gach pingin
de é.
Is
é téacs an Bhíobla de réir mar
a chuir An Sagart i gcló é atá ar An
Bíobla Naofa ar CD-ROM, mar aon le Litreacha Phádraig,
áis iomlán cuardaigh, agus pictiúirí.
Tá bookmarks curtha sa téacs freisin, ceann
do gach caibidil agus ceann do gach ceannteideal, chun teacht
ar shleachta go tapaidh. IR£12 praghas an CD, móide
IR£3 costais phoist. Tá sleachta ón CD le feiscint
ar chlár cinn an chomlachta freisin.
Dá
fheabhas na CD-ROMs so, beidh a thuilleadh acu ag teacht fós.
Tá CD dátheangach darb ainm Nuastair na hÉireann:
1790í-1960í le teacht amach i mbliana, agus
tá aistí samplacha uaidh ar an gclár
cinn cheana féin. Ina dhiaidh sin gealltar cúrsa
teangan iomlán ar CD-ROM. Is dóichí go
mbeadh a leithéid ina áis mhór d'fhoghlaimeoirí,
go háirithe ós rud é go mbeidh trí
chúrsa ar leith ar an CD, ceann as gach canúint,
agus an rogha ag an té a bheidh á úsáid.
Is
féidir dul i dteagmháil le Fios Feasa, nó
CD a ordú ag postmaster@fiosfeasa.com
nó www.fiosfeasa.com.
| <<
lch 3 / pg 3 |
lch
5 / pg 5 >> |
|
|