|
Cartlann
: Eagrán 10 : Leathanach 1
Dátheangachas in
Oileán Iathghlas eile Dé
le
Eóin Mac Con Uladh
Seo
chugaibh scéal faoi oileán iathghlas taithneamhach
a chuireann cumha agus croí trom ar a chlanna más
gá dóibh imeacht thar lear. Cé gur breá
álainn an tír í, tá sí
bocht agus ní féidir léi postanna go
leor a sholáthar dá muintir ar fad.
Ach
tá tír mhór chumasach i gcóngaracht
di agus tá fhios ag na hoileánaigh ó
aos óg go bhfuil "an long i ndán dóibh,"
go gcaithfidh siad dul ar imirce go cathracha móra
ar an mórthír le go gcónóidís
i dtionóntáin phlódaithe agus go n-oibreoidis
ar thuarastal shuarach feasta. Is mar sin an bheatha don fhormhór
acu, ach téann an corrdhuine ar ollscoil agus faigheann
sé post galánta thall nó abhus agus deireann
sé nach bhfuil sa scéal thuas ach stereotypeníl
nithe chomh dona agus mar a bhíodh. Ruidín eile
maidir leis an bhformhór, iad siúd nach bhfuil
na céimeanna ollscoile acu, ní bhfaigheann siad
fearadh na fáilte ar an mórthír ach a
mhalairtan masla, an tarcaisne, an leatrom. B'fhéidir
a léitheoir chaoimh gur chuir tusa drochmheas orthu
tráth ded shaol.
Cén
t-oileán a bhfuil mé ag trácht air?
Sé
Puerto Rico é. Ach de réir an chur síos,
ba chomhfhurasta libh Éire a thomhais. Feictear dom
go bhfuil na hoileáin araon faoi thionchar trom a gcomharsana
cumhachtach agus maireann siad go míshuaimhneach faoina
scáth. Faigheann siad buntáistí as an
gcomhchaidreamh ach cuirtear brú orthu déanamh
de réir tola an pháirtí is láidre.
Is
maith an rud é machnamh ar Phuerto Rico mar is linne
Meiriceánaigh é agus táimid páirteach
ina chúrsaí. Vótaíleann ár
dteachtaí sa gComhdháil ar achtanna a bhfuil
tionchar acu ar thodhchaí Phuerto Rico. Nuair a mhol
Teach na nIonadaithe ar na mallaibh bille a dhéanfadh
den Bhéarla an t-aon teanga oifigiúil ar an
oileán má éiríonn sé ina
stát, bhí sé ag tabhairt rabhaidh dóibh
nach nglacfaí leo mar chomhstátairí gan
iad iad féin a chomhshamhlú ar fad.
Téann
stair na ceiste seo siar go deireadh an chéid seo caite
nuair a bhain na Stáit Aontaithe an t-oileán
ón Spáinn. Bhí na Puerto Ricéinigh
ag tóraíocht saoirse ar fud an dara leath den
19ú céad, agus bhain siad amach dlí féinrialach
go gairid roimh tosach an chogaidh Spáinn-Mheiriceánaigh.
Ach níor cuireadh i bhfeidhm orthu riamh é.
Ní raibh drogall orthu slán a fhágáil
ag an Spáinn agus bhíodar cuíosach sásta
fanacht faoinár réim. Ach an rud a tharla dóibh
i ngan fhios d'éinne ná gur dhlúthaigh
siad ina náisiún. D'airíodar a bhféiniúlacht
faoi leith. Bhí fhios acu nár Poncáin
iad, nó Spáinnigh, ach Puerto Ricéinigh.
I
dtús ár réime rinneamar tréan-iarracht
chun an Béarla a chur i bpríomhionad. Le fiche
bliain nó mar sin bhí feidhmeannaigh Mheiriceánacha
i gceannas ar chóras oideachais an oileáin agus
sí an tsluaghairm a bhí acu ná "gach
teagasc tríd an mBéarla, chomh luath agus is
féidir." Tugtaí duaiseanna airgid do na
múinteoirí ba líofa, seoltaí chuig
na hollscoileanna ar an mórthír iad chomh maith,
agus díbrítí as a bpostanna iad siúd
nach raibh bua na teanga acu.
Thagadh
ollúna go dtí an t-oileán chun suirbhéireachtaí
a dhéanamh agus chun scéimeanna chreatúla
a chur i gcrích. Ach de réir a chéile,
thug lucht an rannóg oideachais faoi deara nach raibh
an Béarla ag dul chun cinn go tapa agus gur cheil an
mhúinteoireacht trí Bhéarla ábhair
eile scolaíochta ar na dáltaí scoile.
Ag
tús na réime Meiriceánaí, ní
raibh mórán doichill ar na múinteoirí
nó ar na tuismitheoirí roimh theagasc tríd
an mBéarla. Ach faoi na fichidí d'éirigh
fearg orthu leis an bpolasaí. I 1936 ainmníodh
Puerto Ricéineach le grá don Spáinnis,
fear darbh ainm José Padin, ina cheannaire ar an gcóras
oideachais. Ón lá sin amach, múintí
an Spáinnis mar phríomhchuspóir, go háirithe
sna bunscoileanna.
Sa
lá atá inniú ann, tá Spáinnis
ó dhúchas ag nócha faoin gcéad
de na daoine, ach déarfainn gur tír dhá-theangach
í Puerto Rico anois. Tá sí go mór
faoi thionchar an Bhéarla. Foilsítear nuachtán
laethúil i mBéarla. Tá leabhair go leor
le fáil as Béarla sna siopaí leabhairb'fhéidir
leabhar amháin do gach dhá leabhar Spáinnise.
Sna hollmhargaí is tearc iad na leabhair as Spáinnis.
Mar shampla, is gá do léitheoirí ar eachtra-scéalta,
bleachtaire-scéalta agus románs-scéalta
a sásamh a fháil i mBéarla.
Is
deacair linn Meiriceánaigh machnamh go héifeachtach
ar dhátheangachas oifigiúil sna Stáit
Aontaithe mar ní mhairimid faoina réim. Cloisimid
iliomad teangacha go minic ar shráideanna ár
gcathracha móra ach sin dátheangachas pearsanta
a tharlaíonn idir daoine fásta lántoilteanachaábhair
príobháideacha nach mbaineann le polasaí
poiblí.
Dá
ndéanfaí stát de Phuerto Ríco,
an mbeadh cead ag a chuid seanadóirí agus ionadaithe
an Spáinnis a labhairt sa gComhdháil, nó
ina dtithe stáit féin? An ceart nó cóir
dúinn iachall a chur ar na Puerto Rícéinigh
Béarla a labhairt i gcónaí mar chúiteamh
ar stataíocht? Agus má tá muid chomh
díbhirceach sin faoin mBéarla, an mbeadh muid
dea-mhéineach go leor chun slán a fhágáil
le Puerto Rico?
Cibé
an scéal, is cinnte go mbeidh a smaointe féin
ag na Puerto Rícigh. Le déanaí, chonaic
mé clár teilifíse ar Phuerto Ríco
a chuaigh go croí ionam. I rith an radhairc deireannaigh
bhí grúpa meidhreach ag damhsa an "Bomba
y Plena," damhsa dúchais na tíre. Dúirt
an bhean i mbun an ghrúpa, "má chaillimid
ár gcúltúr, ní bheidh ár
leithéid ann arís."
|