|
Fáilte
romhat go dtí láithreán lín oifigiúil
de chuid An Doras, iris Mheiriceánach faoin gcultúr
Gaelach.
Seoladh
An Doras den chéad uair i Mí na Bealtaine, 1996 mar
iris clóbhuailte do chomhphobail na Gaeilge i Meiriceá
Thuaidh. Ba í aidhm ár n-irise ag an am sin ná
go mbeadh sí ina doras do chultúr na nGael (.i. an
béaloideas, na healaíona, cúrsaí reatha,
agus go háirithe an Ghaeilge), go gcuireodh sí dearcadh
Meiriceánach in iúl do dhaoine trí mheán
na Gaeilge, agus go dtabharfadh sí deis d'fhoghlaimeoirí
na teangan a gcuid eolais a chur i bhfeabhas.
Tháinig
deireadh leis an tionscadal clóbhuailte ach maireann An Doras
go fóill ar an Lín, mar aon lenár gcuspóirí...
Tá
ábhair léitheoireachta ar fáil ag an suíomh
seo atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil cuid mhaith
Gaeilge acu agus do thosnaitheoirí araon. Tá idir
shamplaí ón eagrán
reatha agus ailt níos sine ón gcartlann
ann. Féach na ceachtanna
foghlamtha le haghaidh teagasc gramadaí, srl. Gheobhaidh
tú faisnéis faoi ghrúpaí eile a bhfuil
baint acu le cursaí Gaeilge ar leathanach
na nasc. Agus beimid ag cur leis an méid seo san am atá
le teacht le go mbeadh ár láithreán ina fhoinse
éifeachtach faisnéise agus tráchta do lucht
na Gaeilge ar fud an domhain.
Tá
fáilte roimh scríbhinní ónar léitheoirí.
Fiú más foghlaimeoir thú, bain triail as! Is
maith an cleachtadh an chumadóireacht. Déan
teagmháil linn le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Tá
súil againn go mbainfidh tú taitneamh as an láithreán
seo. Má tá aon ceist nó moladh agat, nó
má fhaigheann tú botún nó aon ní
nach bhfuil ag obair i gceart ar na leathanaigh seo, scríobh
chuig riarthóir an
láithreáin, le do thoil.
|