archives:10987654321
homecurrent issuelessonsna gaeillinks
       
  [English version]    
     
 

Na Gaeil


Cumann neamhbhrabúis de mhúinteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge is ea Na Gaeil, a bhfuil baint aige le Lár-Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach i Siceago. Bunaíodh an eagraíocht níos mó ná deich mbliana ó shin ag Colm Ó Guairim (Conamarach ó dhúchas) agus gaeilgeoirí eile chun an Ghaeilge a thabhairt chun cinn. Téann Na Gaeil in urrús ar a lán cursaí, ó ranganna teanga go tionscadail foilsitheoireachta mar An Doras.

Ranganna Gaeilge:

Tairgíonn Na Gaeil ranganna ar leibhéil éagsúla — bunrang do thosnaitheoirí, meánrang do dhaoine gur mhaith leo a gcuid Gaeilge a chur chun cinn, agus ardrang le béim ar an litríocht agus ar an gcomhrá.

Cruinníonn ranganna gach maidin Sathairn agus gach tráthnóna Céadaoin ag Lár-Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach (the Irish-American Heritage Center, 4626 N. Knox, Chicago):

Clár: Dé Céadaoin 7:00 i. - 9:30 i.
  Dé Sathairn 10:30 r.n. - 1:00 i.

Tá $70 ar na ranganna i gcomhair leathbhliana.

RANGANNA NUA AG TOSNÚ!

Tosnóidh ranganna nua ag gach leibhéal sa bhfómhar. Tosnóidh rang an tSathairn ar an dara lá de Dheireadh Fómhair, agus tosnóidh rang na Céadaoin ar an séú lá de Dheireadh Fómhair. (Clúdaíonn costas na ranganna an dá rang.)

Má tá spéis agat sna ranganna, ní gá duit ach teacht go dtí Lár-Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach, Seomra 308. Tá an lár-ionad ar chúinne Knox agus Wilson, i ngar do phointe teagmhála na Mótarbhealach Kennedy agus Edens (I-90 & I-94).

Ag Teagmháil leis Na Gaeil:

Na Gaeil
c/o Irish-American Heritage Center
4626 N. Knox
Chicago, IL 60630

Uimhir gutháin an Lár-Ionaid: 773/282-7035
Chun eolas a fháil faoi ranganna: 773/348-6953

 
   
  ©1999 | send e-mail    
  up to top | sponsors | An Doras homepage | Gael-Image homepage